Eagrófar áiteacha bailithe ag Teach an Lása, Gleann Cholm Cille an 19ú Iúil 2024 (an spriocdháta).
Thig na foirmeacha iontrálacha a fhágáil i Siopaí Uí Bheirn – an Charraig nó Gleann Cholm Cille nó iad a sheoladh sa phost chuig An Rúnaí, Seó Talmhaíochta Ghleann Cholm Cille, Teach an Lása, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, nó thig d’fhoirm a thabhairt do bhall ar bith den choiste ar nó roimh spriocdháta. Tá na foirmeacha iontrála ar fáil ar leathanach Facebook Sheó Talmhaíochta Ghleann Cholm Cille. Ár mbuíochas fosta leofa siúd a thugann am s’acu go deonach le cuidiú linn ar bhealach ar bith. Tá muid buíoch de Chlann Uí Bhaoill agus Clann Mhic Giolla Easbuig as talamh s’acu a chur ar fáil dúinn. Ár mbuíochas leis na teaghlaigh agus na heagraíochtaí uilig a chur urraíocht ar fáil do na Coirn. Tá muid faoi chomaoin ag An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,Béal an Phobail - Coiste Pleanála Teanga Iardheisceart Thír Chonaill as a dtacaíocht agus Samantha Ní Ghadhra a chuir an leabhair seo le chéile. Gabhann muid buíochas speisialta lenár bpríomhurraitheoir Siopaí & Breoslaí Uí Bheirn, Gleann Cholm Cille agus an Charraig as a dtacaíocht fhlaithiúil. Tá na foirmeacha iontrála ar fáil ar leathanach Facebook Sheó Talmhaíochta Ghleann Cholm Cille agus ar líne ag www.glencolmcilleagriculturalshow.ie
Collection points will be organised in The Lace House, Glencolmcille on Friday 19th July 2024 (extended closing date).
Entries can be left in Byrne’s Foodstore, Carrick or Glencolmcille or sent in the post with fee to The Secretary, Glencolmcille Agricultural Show Office, The Lace House, Glencolmcille, Co. Donegal, or to any committee member on or before Friday 19th July 2024. Entry forms also available on the Glencolmcille Agricultural Show Facebook page
Email: glen.show@hotmail.com Tel: 087 674 9190