Your browser appears to have JavaScript disabled. We use JavaScript to provide essential functionality on this website. Please enable JavaScript in your browser settings.
Share
Rialacha an Tseó / Show Rules
RIALACHA AN TSEÓ
An 17ú Iúil an sprioclá le cur isteach ar an seó. Ní ghlacfar le rud ar bith ina dhiaidh seo.
Caithfear an táille a sheoladh isteach leis na hiontrálacha chun go nglacfar leofa
Caithfear na coirn a fhágáil ar ais faoin 30ú Meitheamh 2025
Caithfidh úinéireacht a bheith ag na hiomaitheoirí ar na hainmhithe fá choinne 2 mhí ar a laghad roimh an seó / tréimhse agus don réigiún teoranta, caithfidh na húinéirí a bheith ina gcónaí sa cheantar don tréimshe
Glasraí & Tairgí Feirme: is é an té a chuireann na tairgí isteach ar an chomórtas an t-úinéir agus an té a d’fhás iad.
Is féidir le Rúnaí an tSeó, i gcomhpháirt le hOifigigh an Choiste, iontráil a dhiúltú gan aon mhíniú a thabhairt
Níl an Seó freagrach as aon damáiste a dhéanfar ar ábhar taispeántais
Is iontrálacha atá luaite sa Leabhrán Iontrála a chuirfear isteach sna rannógaí – ach amháin sa chás go dteárn an coiste dearmad beag
Beidh an cinneadh deireanach ag na moltóirí
Thig leis na moltóirí cinneadh a dhéanamh gan duais a bhronnadh má mheasann siad nach bhfuil an caighdeán sásúil. Is ag na moltóirí atá an cinneadh deireanach i dtaca le caighdeán.
Sa chás na mbíonn ach iontráil amháin istigh ar rannóg, thig leis an Mholtóir an 1ú áit a bhronnadh má mheasann siad go bhfuil an caighdeán ard go leor, nó thig leofa duais aitheantais a bhronnadh má mheasann siad nach bhfuil
I rannógaí ina bhfuil níos mó ná 10 n-iontráil, thig leis na moltóirí duais bhreise a bhronnadh má tá siad den bharúil go bhfuil sin fóirsteanach: is ionann an 4ú duais agus an 3ú duais.
Caithfidh ainmhithe atá istigh ar chomórtaisí a bheith ar thalamh an tseó faoin 9am agus sula dtosaíonn an mholtóireacht ar na rannógaí cuí. Ní mór srian a bheith ar na hainmhithe ach amháin muna bhfuil sin curtha in iúl sa rannóg. Caithfidh gach iontráil a bheith san ollphuball 30 bomaite sula gcuirfear tús leis an mholtóireacht
Ná leag lámh nó ná bain dó ábhar ar bith atá ar taispeáint
Is féidir le daltaí bunscoile amháin cur isteach ar an seó saor in aisce
Ní féidir ábhar taispeántais ar bith a bhaint ón ollphuball roimh 4.00pm gan fógra a thabhairt roimh ré; bronnfar na duaiseanna ón 3.30pm. Caithfear na duaiseanna a ghlacadh ar lá an tseó.
Ní féidir le duine ar bith ach amháin an t-úinéir an t-ábhar taispeántais a thógáil. Níl an t-ábhar ar fáil le tógáil saor in aisce
Léiríonn an léarscáil ag tús an leabhráin an réigiún teorantach d’eallach.
“Foscailte” – i gcomórtaisí na n-ainmhithe, ciallaíonn seo go dtig le duine ar bith cur isteach ar na comórtaisí is cuma cén seoladh atá acu.
Ba cheart smacht a bheith ag úinéirí ar ainmhithe agus é seo a chur san áireamh i dtaca le líon na n-ainmhithe a chuireann siad isteach ar aon chatagóir amháin.
Caithfidh gach grianghraf a bheith suas go 10“ x 8” agus ar charta seachas cardaí poist. Ní féidir d’ábhar péintéireachta a bheith níos mó ná 30” x 24” leis an fhráma san áireamh. Caithfidh gach póstaer a bheith ar mhéid A4 chárta / (seachas an rannóg cháilithe).
Cáilíonn buaiteoirí na rannógaí teoranta don Phríomh-Bhuaiteoir in áit na mbonn
Níl cead ag an phobal dul isteach go dtí an t-ollphuball nuair atá an mholtóireacht ar bun. Is iad na maoir amháin nach bhfuil iontrálacha acu sna catagóirí siúd atá ceadaithe a bheith i gcuideachta na moltóirí.
Tá gach iomaitheoir freagrach as iontráil s’acu fhéin agus as cinntiú gur chuir siad isteach ar an rannóg cheart. Bí airdeallach ar na ceannteidil agus uimhreacha na rannógaí le do thoil.
Caithfear na táillí iontrála a íoc roimh ré.
Ní féidir le daoine a chuireann ainmhithe isteach ar chomórtas dul isteach ar thalamh an tseó saor in aisce.
Rannógaí ar ceal: Tá sé de cheart ag an choiste rannógaí a chur ar ceal nó a chur le chéile sa chás nach gcuireann go leor isteach orthu.
Gearrfar pionós ar dhuine ar bith a chuireann isteach ar mholtóir: is féidir leofa duaiseanna a chailleadh agus cosc a bheith curtha orthu cur isteach ar an seó ar feadh tréimshe – tá an cinneadh deireaneach ag an choiste.
Níl aon gaiséabo ceadaithe os cionn na gcaorach.
SHOW RULES
The closing date for entries is 17th of July, no entries will be received past this date.
All entries must have fee with them to be valid and accepted.
All cups are perpetual and are to be returned to the committee by the 30th of June 2025.
Animal exhibits must be the property of the exhibitor for at least two months before date of the show and in the confined classes must be domiciled in the stated area for the period.
Exhibits in the Farm and Vegetable section must be grown by the exhibitor.
The show secretary, acting through their officers, may refuse an entry without assigning any reason.
The show is not responsible for any damages to any of the exhibits.
Only entries that are entered will be admitted to the classes on the day unless it has been an oversight of the committee – no exceptions.
The judges’ decisions are final.
The judges may withhold a prize in any class in which in their opinion there is not sufficient merit. The judges’ decision to merit will be final.
In the case of only one exhibit in a Class, the Judge may award a 1st prize if in their opinion the quality is high enough, otherwise a merit may be awarded.
In classes where there are more than ten entries the judges may award an additional prize if the exhibits in their opinion warrant such an award; 4th prize is equal to 3rd prize.
Animals for exhibition in the show must be in the show grounds by 9am before judging commences in their sections. All animals should be halter trained and haltered on the day unless the category says otherwise. All entries in the marquee must also be in at least 30 minutes before judging begins.
There shall be no tampering or moving of the exhibits entered.
No free admission except for school based competitions.
No exhibit shall be removed from the Marquee before 4.30pm. Prize giving will be from 3.30pm. All prizes must be claimed on the day of the show.
Under no circumstances should any of the items be lifted by anyone other than the person who entered them.
“Confined” in the CATTLE section is defined in the map at the front of the category. Confined sheep is the area from Glencolmcille to the top of Glengesh Pass and out to Fintra bridge (see details on the front of the book).
“Open” in the animal categories is defined as anyone being eligible to enter no matter where your address is.
Adequate handling should be provided for the amount of animals entered in any one category.
All photos are to be up to 10” x 8” and mounted on card, except postcards. All paintings are to be no larger than 30”x 24” to include the frame. All posters are to be A4 size (except qualifiers section).
The winners of the confined sections automatically qualify for Overall Champion.
The general public are not permitted in the Marquee during judging and only stewards who have no entries in those categories will accompany the judge.
All Exhibitors are responsible for their own entries and ensuring they are entered in their proper class. Please pay attention to headings and class numbers.
All entry fees must be paid in advance.
There is no free admittance to the show grounds for any person who has livestock entered in the show.
Cancellation of classes: The committee reserve the right to cancel or amalgamate classes in cases of insufficient entries.
Any person who interferes in any way with a judge will forfeit any prizes they may have in that section and will be barred from entering the show for a period as decided by the committee.